Chuaigh rang 4 ar thuras chun bád traenála cabhlach na Fraince a fheiceáil. Fuair na páistí turas agus caint ar bord an Étoile. D’fhoghlaim an rang faoi na jabanna éagsúla ar bord an Étoile. Tógadh i 1932 í. 

Fuair na páistí caint freisin faoin mbád custaim Suirbhéir. 




Ansin chuaigh na páistí go stáisiún bád tarrthála an RNLI. D’fhoghlaim na páistí roinnt eolais luachmhar anseo. 

 

Bhí turas iontach acu.